Tá dhá inscne sa Ghaeilge, mar atá, firinscneach (masculine) agus baininscneach (feminine). Na hainmfhocail atá neodrach sa Bhéarla, tá siad firinscneach nó baininscneach sa Ghaeilge.
Tá cúig dhíochlaonadh sa Ghaeilge agus, amach ó chorreisceacht thall is abhus, baineann gach uile ainmfhocal le ceann éigin de na díochlaontaí sin. Tá na hainmfhocail sa bhunachar sonraí sa tuiseal ainmneach uatha ach amháin na hainmfhocail sin nach n-úsáidtear nó nach mbeadh ciall leo ach san uimhir iolra, mar shampla clothes, parallel lines, éadaí, línte comhthreomhara.
| Giorrúchán | ainm Gaeilge | ainm Béarla |
| bain | ainmfhocal baininscneach | feminine noun |
| bain2 | ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh | feminine noun of the second declension |
| bain3 | ainmfhocal baininscneach den tríú díochlaonadh | feminine noun of the third declension |
| bain4 | ainmfhocal baininscneach den cheathrú díochlaonadh | feminine noun of the fourth declension |
| bain5 | ainmfhocal baininscneach den chúigiú díochlaonadh | feminine noun of the fifth declension |
| bain iol | ainmfhocal baininscneach iolra | feminine noun plural |
| fir | ainmfhocal firinscneach | masculine noun |
| fir1 | ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh | masculine noun of the first declension |
| fir2 | ainmfhocal firinscneach den dara díochlaonadh | masculine noun of the second declension |
| fir3 | ainmfhocal firinscneach den tríú díochlaonadh | masculine noun of the third declension |
| fir4 | ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh | masculine noun of the fourth declension |
| fir5 | ainmfhocal firinscneach den chúigiú díochlaonadh | masculine noun of the fifth declension |
| fir iol | ainmfhocal firinscneach iolra | masculine noun plural |