focal.ie logainm.ie ainm.ie FIONTAR

An Foclóir Spóirt

Aidhmeanna

Foclóir Béarla-Gaeilge/Gaeilge-Béarla de théarmaí spóirt atá mar sprioc ag an tionscadal seo.

Meastar go mbeidh líon ard úsáideoirí ag an bhfoclóir seo i measc lucht foghlamtha agus labhartha na Gaeilge. Seo thíos roinnt samplaí de ghrúpaí agus d’eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus cúrsaí spóirt idir chamáin acu:

  • Imreoirí agus lucht reáchtála spóirt i gcumainn agus i gclubanna a úsáideann an Ghaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht, sna Gaelscoileanna agus i gcoláistí samhraidh.
  • TG4, RnaG, RTÉ, craoltóirí neamhspleácha eile, na meáin chlóite agus ar líne agus craoltóirí neamhspleácha eile. Déantar plé ar an bpeil, an iomáint, an leadóg, an rásaíocht mótair, an rásaíocht capall, an rásaíocht con, an rothaíocht, an sacar, agus an snúcar go háirithe.
  • CLG agus eagrais eile.
  • Lucht scríofa agus aistrithe téacsleabhar nó siollabas bunscoile nó meánscoile agus iad siúd atá ag cruthú comharthaíochta nó fógraí i scoileanna, in ollscoileanna, nó in áiteanna eile.

Torthaí

Is éard atá beartaithe don fhoclóir seo téarmaíocht chomhaimseartha spóirt a sholáthar, bunaithe ar na réimsí spóirt is mó éileamh. Tá taighde á dhéanamh ar an téarmaíocht dhúchasach atá le fáil sna réimsí sin, ar ndóigh, agus tá téarmaí nua á gceapadh chomh maith.

Beidh an foclóir dírithe ar acmhainní téarmaíochta ginearálta a chur ar fáil don réimse, le go mbeadh téarmaí cuí ar fáil d’aon phlé nó tráchtaireacht ar chúrsaí spóirt. Díreofar go háirithe ar na réimsí seo a leanas: babhláil; badmantan; boghdóireacht; bollaí; cadhcáil / canúáil; cispheil; cluichí le ciú (billéardaí); cnocadóireacht; cruicéad; daorchluiche; dornálaíocht; dreapadóireacht carraige; eachaíocht; eitpheil; galf; gleacaíocht; gunnadóireacht; haca; haca oighir; iascaireacht; iomáint agus camógaíocht; leadóg; leadóg bhoird; liathróid láimhe (dúchasach); liathróid láimhe (Oilimpeach); lúthchleasaíocht (ar raon); lúthchleasaíocht (caitheamh); lúthchleasaíocht (cluichí nasctha); lúthchleasaíocht (léim); na healaíona comhraic; peil ghaelach agus peil chomhrialacha; pionsóireacht; póló; póló uisce; raonrásaíocht mótair; rásaíocht capall; rásaíocht con; rothaíocht; rugbaí; sacar; sciáil; scuais; snámh; snorcallú; tógáil meáchan; tonnmharcaíocht; treodóireacht; tumadóireacht; uaimheadóireacht.

I gcás gach cluiche, clúdófar na réimsí seo a leanas: áiseanna agus trealamh; comórtais idirnáisiúnta; comórtais náisiúnta; eagraíochtaí rialaithe; rialacha agus réiteoireacht; teicníocht agus bearta.

Tá roinnt téarmaí ann atá coitianta i réimse an spóirt trí chéile. Is iad na mór-réimsí atá i gceist anseo ná: sláinteachas agus gortuithe coitianta; tástáil ar dhrugaí; rialacháin; saghsanna searrtha agus corpaclaíochta eile; teideal gach spóirt a aithníonn Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha agus na cinn eile is mó tábhacht agus iomrá; teidil na móreagraíochtaí spóirt agus na n-eagraíochtaí rialaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta; teidil na mórchomórtas náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Eagraíochtaí atá páirteach

Fiontar atá ag comhordú an tionscadail, i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta. Chomh maith leis sin, chuidigh na daoine agus na heagraíochtaí seo thíos leis an tionscadal, agus táthar buíoch díobh:

Modh oibre

Is iad seo na céimeanna oibre atá i gceist le forbairt na dtéarmaí spóirt:

  • Bailiú agus eagrú na dtéarmaí Béarla.
  • Taighde ar na foinsí Gaeilge.
  • Plé le saineolaithe.
  • Faomhadh an Choiste Téarmaíochta.
  • De réir mar a fhaomhtar na téarmaí, cuirfear ar fáil i mbunachar Focal iad.

Cuidigh linn!

Más maith leat dul i dteagmháil linn maidir le cúrsaí téarmaí spóirt, scríobh chugainn ag focloirspoirt@dcu.ie. Má tá saineolas agat ar théarmaí Gaeilge a bhaineann le spórt faoi leith, ba bhreá linn cloisteáil uait.

Sonraí téarmaíochta: © 2006 Foras na Gaeilge
Réiteach teicniúil: © 2006 Fiontar