Bunaíodh www.focal.ie (2004-2007) mar thionscadal ag FIONTAR, DCU i gcomhar le hOllscoil na Breataine Bige, Lampeter agus le Foras na Gaeilge. Maoiníodh an tionscadal bunaidh faoi INTERREG IIIA Éire / An Bhreatain Bheag agus le páirtmhaoiniú ó Foras na Gaeilge.
Fiontar Téarmaí Unedig an teideal iomlán a bhí ar an tionscadal seo. Ba é príomhsprioc ghné na hÉireann ná méadú ar rochtain an ghnáthphobail ar acmhainní theicneolaíocht na faisnéise, sa chás seo acmhainní ardleibhéil i nGaeilge. An príomhthoradh a bhí ar an tionscadal in Éirinn ná www.focal.ie, an bunachar comhtháite seo de nuathéarmaíocht na Gaeilge atá ar fáil don phobal iomlán agus rochtain ag cách in aisce air. Tá sé dírithe go háirithe ar riachtanais fiontar gnó agus cumarsáide, ar earnáil an oideachais, ar thionscal an aistriúcháin agus ar shainúsáideoirí eile. Bhain gné oiliúna ar acmhainní leictreonacha Gaeilge leis an tionscadal seo freisin. Mír bhreise den tionscadal ab ea nuashonrú agus forbairt ar an téarmaíocht a bhaineann le cúrsaí raidió agus teilifíse.
Cuireadh an tionscadal i gcrích i gcomhar le páirtnéir sa Bhreatain Bheag, Ollscoil Lampeter, a bhí ag forbairt acmhainní foclóireachta don Bhreatnais ag an am céanna mar chuid den tionscadal.
Maoiníodh FTU (Fiontar Téarmaí Unedig) as an gciste Cumarsáid Teicneolaíochta agus Iompair (Tosaíocht 1, Beart 4) ag INTERREG IIIA Éire/An Bhreatain Bheag. Bhí an tionscadal á chómhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus ag FIONTAR (trí Chiste na dTionscnamh Straitéiseach ag an Údarás um Ard-Oideachas). Bhí Roinn na Seirbhísí Ríomhaireachta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú le FIONTAR ar an tionscadal seo. Cuireadh an chéim thosaigh den tionscadal i gcrích idir Deireadh Fómhair 2004 agus Aibreán 2007.
Tugadh faoi Chéim II (2007-8) le maoiniú ó Foras na Gaeilge. Faoin gcéim sin cuireadh tuilleadh ábhair leis an mbunachar, rinneadh obair ghramadaí ar an mbunachar lena chur de réir rialacha nua an Choiste Téarmaíochta, agus rinneadh athbhreithniú ar théarmaí Ceirdeanna agus Teicneolaíochta.
Ó 2006 i leith, d’fhás líon na n-úsáideoirí go seasta. Is féidir breathnú ar na staitisticí ó mhí go mí anseo.