"An Suíomh Gaeilge is Fearr" buaite ag focal.ie ag an Irish Web Awards, 25 Deireadh Fómhair 2008.
Bronnadh an Duais Eorpach do Theangacha, An Lipéad Teanga, ar thionscadal taighde FIONTAR, www.focal.ie Dé Céadaoin 26 Meán Fómhair. Ghlac an Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín, Stiúrthóir Tionscadail leis an duais ar son Fiontar.
Reáchtáiltear an Lipéad Teanga go comhuaineach i níos mó ná 20 tír Eorpach chun an Lá Eorpach do Theangacha a chomharthú. Tugann sé aitheantas do mhodhanna nuálaíocha agus cruthaitheacha a fheabhsaíonn an caighdeán múinte agus foghlama teanga. Is iad saintréithe na mbuaiteoirí ná feabhas, nuálaíocht agus cumas a bheith ina n-eiseamláirí do dhaoine eile.
Ócáid seolta focal.ie ag Seán Ó Neachtain FPE ar 20 Meán Fómhair 2006
Ó chlé: Sinéad Ní Chrualaoi (FIONTAR, DCU), Paul O'Keeffe (INTERREG), Caoilfhionn Nic Pháidín (FIONTAR, DCU), Ian Roffe (University of Wales, Lampeter), Seán Ó Neachtain (MEP), Trevor Sargent (TD)