Seo é an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge a d’fhorbair FIONTAR i gcomhpháirt leis an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge. Cuireadh an chéad chéim den obair i gcrích le cúnamh ó INTERREG III A (2004–7). Faoi Chéim I rinneadh scata bunliostaí ar phár agus ábhar leictreonach a dhigitiú agus a chomhtháthú i mbunachar. Leanann FIONTAR, DCU de bhainistiú na hacmhainne seo le maoiniú ar bhonn tionscadail ó Fhoras na Gaeilge.
Tá os cionn 325,000 téarma ar fáil sa bhunachar agus iad inchuardaigh faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla. Bhain os cionn 880,000 cuairteoir leas as an suíomh idir 2006 agus 2011. Thug na daoine sin 3.9 milliún cuairt ar an suíomh agus rinne siad breis is 25 milliún cuardach lena linn sin. De réir suirbhé úsáideoirí a rinne FIONTAR in 2010, is aistritheoirí agus ateangairí mar aon le mic léinn ollscoile is mó a bhaineann úsáid as an suíomh.
Tá go leor forbairtí déanta ar an mbunachar ó seoladh é, lena n-áirítear bailiúchán nua de théarmaí spóirt, acmhainní d’aistritheoirí agus an suíomh a cheangal le Nua-Chorpas na hÉireann. Cuireadh tús le Céim IV den tionscadal ar 1 Aibreán 2011 agus seo a leanas spriocanna na céime seo:
Bhuaigh www.focal.ie an duais ‘An Suíomh Gaeilge is Fearr’ ag na Irish Web Awards 2008 agus an Duais Eorpach do Theangacha, An Lipéad Teanga, in 2007.