Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: broad · aboard · abrade · abradh · arad
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh abroad »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
abroad, adv. 1 a Ar an gcoigrích, thar lear. To live abroad, cónaí thar lear. He is just back from abroad, níl sé ach tar éis teacht ar ais ón gcoigrích. Troops serving abroad, saighdiúirí ar seirbhís i gcéin. S.a. HOME I. 2. b (Of pers.) Imithe amach; amuigh. 2 Scattered abroad, scaipthe soir siar. There is a rumour abroad, tá ráfla ag imeacht, ar siúl; tá an scéala amuigh. The news got abroad, leath an scéal; chuaigh an scéal amach. S.a. NOISE2, TRUMPET2 2. 3 He is all abroad, tá dul amú mór air; tá seachrán trom air. I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Accession of funds from abroad, airgead a theacht ón gcoigrích.
We have advices from abroad, fuaireamar scéala ón gcoigrích.
To blaze a rumour abroad, scéal reatha, a reic, a scaipeadh, go forleathan.
To bruit sth. abroad, about, rud a reic, rud a chur os ard, a scaipeadh.
For consignment abroad, le cur thar tír amach.
I am going to spend my holidays abroad, tá beartaithe agam, tá ar intinn agam, dul thar sáile ar mo laethanta saoire.
At home and abroad, sa bhaile agus i gcéin.
To noise sth. abroad, scéal a reic, a chur os ard.
It was noised (abroad) on all sides, reiceadh an scéal go fada leitheadach; leathadh é ar fud na dúiche.
To pass the spring abroad, an t-earrach a chaitheamh thar lear.
My people are abroad, tá mo mhuintir thar lear.
During my residence abroad, ar feadh mo ré ar an gcoigrích.
Spread it abroad! cuir i gcluasa an tsaoil é!
To trumpet forth, abroad, s.o.'s great deeds, ollghníomhartha mpl duine a fhógairt os ard.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht