Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.

Breiseáin agus giuirléidí » An Foclóirí

An Foclóirí

Má tá suíomh idirlín de do chuid féin agat, tá fáilte romhat an breiseán seo, ar a nglaonn muid An Foclóirí, a chur air. Cuireann An Foclóirí ar chumas do chuid léitheoirí cliceáil ar fhocal ar bith sa téacs chun é a chuardach ar teanglann.ie. Osclaítear an cuardach i bhfuinneog bheag in aice an téacs sa treo nach gcuirfí isteach ar an léitheoreacht.

Treoracha

Ar dtús, déan cinnte go bhfuil jQuery leabaithe sa leathanach. Ansin, cuir na línte seo isteach áit ar bith i gceanntásc an leathanaigh (idir <head> agus </head>):

<script type="text/javascript" src="https://www.teanglann.ie/cab/cab.js"></script>
<script type="text/javascript">jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });</script>

Sa dara ceann de na línte seo, glaoitear ar an fheidhm cab.clickify(). Is í seo an fheidhm a iompaíonn gach focal ar an leathanach ina nasc inchliceáilte. Más maith leat é seo a theorannú do rannóg faoi leith ar an leathanach, mar shampla do phríomhthéacs an leathanaigh agus codanna eile den leathanach a fhágáil amach, is féidir leat an rannóg sin a chur isteach mar pharaiméadar mar seo:

cab.clickify(document.getElementById("articleContent"));

Nó, más fearr leat jQuery, mar seo:

cab.clickify($("#articleContent"));
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht