leg1, s.1Cos f. He took to his legs, thug sé do na boinn é. I ran as fast as my legs could carry me, ritheas chomh géar agus a bhí sé i mo chosa. To stand on one leg, seasamh ar leathchois. He was on his legs, bhí sé ar a bhoinn, ina sheasamh. I have been on my legs all day, ní raibh suí suaimhnis feadh an lae agam. He got on his legs again, (i) d'éirigh sé arís (ina sheasamh); (ii) tháinig cumas a chos arís chuige; tháinig sé chuige féin arís. To set s.o. on his legs again, (i) duine a chur ina sheasamh arís; (ii) duine a chur ar a chosa arís. To be on one's last legs, a bheith ar an dé deiridh, i ndeireadh na preibe. To walk s.o. off his legs, na cosa a chaitheamh faoi dhuine. When he found his legs, (i) nuair d'éirigh leis seasamh; (ii) nuair a thuig sé a chumas féin; (iii) nuair rinne sé bun ina ghnó. To keep one's legs, fanacht i do sheasamh. I gave him a leg up, (i) thugas cos i láimh, i dtaca, i mbois, dó; (ii) thugas lámh chúnta dó. To pull s.o.'s leg, amadán a dhéanamh de dhuine; bob a bhualadh ar dhuine. I didn't leave him a leg to stand on, rinne mé ciolar chiot de. 2Cu: Leg of chicken, cos sicín. Leg of beef, mutton, pork, ceathrú f mairteola, caoireola, muiceola. Cost: F: Leg-of-mutton sleeves, bolgmhuinchillí fpl. Leg-of-mutton sail, seol trí ghob. Leg beef, mairteoil leise. 3Cos f, osán m (briste); cos f (stoca). 4Cos f (boird); géag f (compáis), beangán m (tlú). 5Nau: Leathbhord m, leathsheoladh m.
leg2, v.tr.F: To leg it, (i) é a chrágáil; (ii) é a thabhairt do na boinn, é a bhaint as na cosa.