Tá na briathra sa bhunachar sonraí sa mhodh ordaitheach ach sna cásanna nach n-oirfeadh an modh ordaitheach – is é sin, nuair nach mbeadh ciall leis an ráiteas sa mhodh ordaitheach, nó mura bhfuil foirm ordaitheach den ainm briathartha ann, mar shampla rochtain.
Tugtar foirmeacha infhillte na mbriathra go minic, mar shampla, ainmneacha briathartha agus aidiachtaí briathartha. Is mar chúnamh maidir le ceartúsáid na dtéarmaí sa téacs atá siad ann, agus is le téarmaí Gaeilge a luaitear iad de ghnáth, seachas le téarmaí Béarla.
| Giorrúchán | ainm Gaeilge | ainm Béarla |
| abr | ainm briathartha | verbal noun |
| aidbhr | aidiacht bhriathartha | verbal adjective |