Tá na hainmfhocail sa bhunachar sonraí sa tuiseal ainmneach uatha ach amháin na hainmfhocail sin nach n-úsáidtear nó nach mbeadh ciall leo ach san uimhir iolra, mar shampla clothes, parallel lines, éadaí, línte comhthreomhara. Tugtar foirmeacha infhillte le téarmaí aonfhoclacha, dála an tuisil ghinidigh agus iolraí ag ainmfhocail. Is mar chúnamh maidir le ceartúsáid na dtéarmaí sa téacs atá siad ann, agus is le téarmaí Gaeilge a luaitear iad de ghnáth, seachas le téarmaí Béarla.
| Giorrúchán | ainm Gaeilge | ainm Béarla |
| gu | ginideach uatha | genitive singular |
| ai | ainmneach iolra | nominative plural |
| gi | ginideach iolra | genitive plural |