Déanann an próiseas cuardaigh neamhaird de phoncaíocht. Mar shampla, is cuma an scríobhann tú lesser-used nó lesser used, gheobhaidh tú na torthaí céanna i gcónaí. Is ar bhonn focal iomlán nó codanna de chomhfhocail a bhfuil poncaíocht eatarthu a dhéanann an t-inneall an Cuardach Tapa. Más ea, má lorgaíonn tú cairt ní bhfaighidh tú cairtchlár ach gheobhaidh tú barra-chairt agus ponc-chairt.
Tá roinnt téarmaí sa Bhéarla ar féidir iad a scríobh mar chomhfhocail nó mar théarmaí ilfhoclacha, le fleiscín nó gan é. Cuir i gcás rain forest/rainforest, toothpick/tooth-pick. Aithníonn an Cuardach Tapa gur mar seo atá. Má scríobhann tú téarma i gceann de na foirmeacha, déanfaidh an t-inneall cuardaigh na foirmeacha eile a thairiscint duit comh maith, más ann dóibh sa bhunachar. Mar shampla, má chuardaíonn tú tooth-pick, ní bhfaighidh tú aon torthaí mar níl a leithéid de théarma sa bhunachar, ach molfar duit an comhfhocal toothpick. Oibríonn sé seo sa treo eile chomh maith: má chuardaíonn tú an comhfhocal rainforest, molfar rain forest duit.